Monday, June 9, 2014

An post lae agus an méar fhada

Aoi-bhlag Alex Hijmans




Fitting writing in with a demanding day job is always a challenge – but a story can be written a line a day if need be, Alex Hijmans writes in the sixth episode of his monthly guest blog on creative writing.

Bíonn méara fada ag scríbhneoirí. Go mion minic, cuireann siad ina luí orthu féin nach bhfuil an t-am acu dul i mbun pinn.

Bréag atá ansin.

Gan dabht, bíonn misneach ag teastáil chun am a chur i leataobh d’fhiontar ar bith nach bhfuil toradh cinnte ag baint leis. Sin mar atá an scríbhneoireacht, faraor: ní léir i gcónaí gur fiú an tairbhe an trioblóid, go mbeidh luach ar ár saothar. Ar an drochuair, bíonn gréim le cur inár mbéal agus bíonn billí le n-íoc.


Údair mhórdhíola fágtha as an áireamh, is beag duine a n-éiríonn leis maireachtáil ar scríbhneoireacht fhicsin amháin. Bíonn post lae ag gcuid eile againn. Agus ní drochrud é sin: soláthraíonn post lae sruth seasta scéalta.


Nó ábhair scéalta, cibé. Go ró-mhinic, maraíonn an post lae amach muid. Bhí smaoineamh iontach agam féin, tráth: teach caife a oscailt. D’íocfadh an gnó sin na billí agus bheadh spás galánta agam chun díriú ar mo chuid scríbhneoireachta, gan cupán espresso i bhfad riamh. Bhuel, bhí an teach caife sin agam ar feadh cúig bliana go leith, agus i rith an ama sin ar fad, níor éirigh liom ach gearrscéal nó dhó a chríochnú. Na tograí liteartha eile ar fad ar chuir mé tús leo, níor éirigh liom iad a thabhairt chun críche: nuair a thagainn abhaile tar éis lá fada ag déanamh caife agus ceapairí, ní bhíodh an fuinneamh agam suí síos agus scéal a scríobh. Nó sin an bhréag a d’insínn dom féin.


An botún a bhí á dhéanamh agam, an t-am sin, ná a cheapadh go gcaithfinn scéal iomlán a scríobh san aon iarraidh amháin (nó gar go leor d’aon iarraidh amháin.) Go gcaithfinn an lá ar fad a bheith saor agam, nó níorbh fhiú peann a chur ar phár. Rinne mé dearmad go bhfuil gach scéal déanta suas as abairtí aonair, agus go bhféadfaí scéal a scríobh abairt amháin in aghaidh an lae dá mba ghá.


Fiú an té a bhfuil post lae dúshlánach aige, a chaitheann uair an chloig ar an traein i ndiaidh na hoibre agus a mbíonn scaifte gasúr ocrach ag fanacht air nó uirthi sa bhaile agus páirtnéir atá faoi strus ag a p(h)ost lae féin anuas ar gach rud eile – fiú an té sin, bíonn nóiméad nó dhó aige chun suí síos agus abairt nó dhó a chur ar phár. Le linn an turais traenach abhaile, mar shampa! An dúshlán a bhíonn roimh an scríbhneoir a bhfuil saol gnóthach aige ná na poill agus na prochóga ina sceideal a aithint – agus úsáid a bhaint astu.


Ar ndóigh, caithfear é seo a dhéanamh go rialta – gach lá, más féidir. Téann smaointe agus scéalta le sruth má chuirtear ar an méar fhada iad. Cé gur áis iontach é an leabhar nótaí, molaim filleadh ar thogra scríbhneoireachta go laethúil go dtí go mbíonn an chéad dréacht críochnaithe. Ina dhiaidh sin, cuirfidh tú an chéad dréacht sin ar an gcarn múirín (féach eagrán na míosa seo caite) agus tabharfaidh tú aghaidh ar an gcéad togra eile.


Beidh amantaí ann, áfach, go mbeidh fonn ort tú féin a chaitheamh ar an gcarn múirín, leis. Tá intinn an scríbhneora mar a bheadh garraí ann: má chuirtear barr i ndiaidh barra, ídítear an chré. Caithfear sos a thabhairt don tsamhlaíocht ó am go chéile le go mbeidh sí faoi bhláth go rialta. Caithfear sosanna rialta a thabhairt do mhatáin na meabhrach freisin: beidh siad uainn agus muid i mbun eagarthóireachta – ach sin ábhar na míosa seo chugainn.


Eagráin eile den aoibhlag anseo


Is scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex. Tá roinnt saothar leis foilsithe ag Cois Life:

 Leabhar fóta-iriseoireachta, Splancanna ó shaol eile (2013)

 Bailiúchán gearrscéalta dar teideal Gonta (2012)


An t-úrscéal Aiséirí (2011)



Leabhar neamhfhicsean faoina shaol i mbruachbhaile bocht sa Bhrasaíl. Favela (2009)


Thursday, June 5, 2014

Closleabhar saor in aisce - Daideo le hÁine Ní Ghlinn / Free Audiobook - Daideo by Áine Ní Ghlinn


Gearrthóg ón gclosleabhar anseo

Forbairt stairiúil eile ó COIS LIFE - an chéad chlosleabhar Gaeilge á thairiscint saor in aisce i modh digiteach. Léann an t-údar cáiliúil Áine Ní Ghlinn a saothar nua Daideo ar thaifead gairmiúil a rinneadh go speisialta.  Is féidir éisteacht leis an gclosleabhar ach cliceáil ar an gcnap dearg thíos, nó é a íoschóipeáil nó a roinnt le daoine eile trí na meáin shóisialta ón seinnteoir soundcloud thíos. Má dhéantas é a íoschóipeáil is féidir éisteacht leis ar iTunes nó seinnteoir mp3 eile agus é a dhó ar dhlúthdhiosca. Tá ábhar clúdaigh do dhlúthdhiosca san íomhá thuas.
Is féidir an bunleabhar féin a cheannach i gcóip chrua nó i bhfoirm ríomhleabhair ar www.coislife.ie ach cliceáil anseo. Tá an t-úrscéal an-oiriúnach do leanaí 12-14 a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu - agus do dhaoine fásta a dtaitníonn scéalaíocht den scoth leo. Léirmheas ar an leabhar ó Inis anseo.
Bain taitneamh as!
An historic development from COIS LIFE - we're offering you the first Irish-language audiobook free of charge for download in digital form. Celebrated author Áine Ní Ghlinn reads her new novel Daideo in a specially made professional recording. You can listen to the audiobook by pressing the red button above or you can download it or share it via social media also from the soundcloud player above. If downloaded it can be played on iTunes or other mp3 players and can be burned to a CD. Artwork for a CD is available to download is contained in the image at the head of this article.
Copies of the book itself can be bought in paperback or ebook form from the www.coislife.ie website by clicking here. The book (which, please note, is in Irish - it is not a bilingual version) is very suitable for those aged 12-14 with pretty good Irish and for adults who enjoy a good story well told. You can read a great review of the book (Irish only) here.

Enjoy!